Tuarascáil Speisialta 74 – An Earnáil Oideachais

Foilsithe 03 Nollaig 2010

Rinne an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste scrúdú ar íocaíochtaí ón gCiste Nuálaíochta Straitéiseach, ar na socruithe chun monatóireacht a dhéanamh ar fhreastal i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna, ar na cúiseanna le róchaiteachas ar thionscadal forbartha caipitiúil in Institiúid Teicneolaíochta Chorcaí, ar oibriú scéime luathscoir ag FETAC, luachanna saothair agus costais áirithe i gCeol-Acadamh Ríoga na hÉireann, agus ar stádas reatha na Scéime um Chúiteamh na nInstitiúidí Cónaithe agus ábhair ghaolmhara.